Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol.
Matha 9:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus an tsluagh ag déanamh fothraim, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a shroích Íosa teach an rialtóra, agus nuair a chonaic sé lucht seinnte na bhfideog, agus an slua agus an gleo a bhí acu, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic Íosa go tigh an uachtaráin, agus chonnaic sé an lucht ceoil agus an sluagh ag tógáil gleo, dubhairt sé: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh an uachtaráin, agus nuair chonnaic sé lucht na bhfideog, agus an gleo do bhí ag an sluagh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan tháinic Iósa go tigh a núachdaráin, agus do chunnairc se an luchd céoil agus an chuideachda ag déunamh míoshúaimhnis, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliúiteanna agus an slua ag déanamh calláin, An Bíobla Naofa 1981 Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliút agus an slua ag déanamh calláin, |
Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol.
Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair.
Ach do chuaidh Pól síos chuige agus do luigh sé anuas air agus chuir sé a lámha ’n-a thímpull agus dubhairt sé: Ná bíodh ceist oraibh. Tá a anam ann.
Agus d’eirigh Peadar agus tháinig sé leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus bhí na baintrneacha ’n-a seasamh ’n-a thímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó a dheineadh Dorcas dóibh.