Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:
Matha 9:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin tháinic deisciobail Eoin chuige, agus dubhairt: Cad chuige a dtroscann sinne agus na Fairisínigh go minic, acht ní throscann na deisciobail seo agat-sa? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin tháinig deisceabail Eoin chuige g‐á rádh, Cad chuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisínigh troscadh go minic, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin tangadar deisgióbail Eóin chuige, ag rádh, Créud fa a ndéunmaóidne agus na Phárisinigh iomad triosge, agus nach troisgíd do dheisgiobail sé? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?” An Bíobla Naofa 1981 Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?” |
Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:
Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.
Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.
Agus d’eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin.
Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin