Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus dubhairt Íosa leo: An féidir do chloinn an fhir nua-phósta mairgneach a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nua phósta ina gcuideachta? Acht tiocfaidh na laethe ina dtógfar uatha an fear nua-phósta, agus annsin dhéanfaidh siad troscadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus a dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an fhir núaphosda bheith dóbronach, an feadh bhios an té do pósadh na bhfochair? achd tiocfuidh lá ann, a dtóigéabhthar an fear núaphósda uátha, agus ann sin do dhéunaid síad trosgadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:15
22 Tagairtí Cros  

Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh?


Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa.


Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaidh is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an chéile acu ’n-a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh;


Ach tiocfaidh an lá i n-a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin.


Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh na laethanta ’n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de laethibh Mhic an Duine a dh’fheisgint, agus ní fheicfidh sibh é.


Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an chéile ’n-a bhfochair?


Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin.


Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr gcroidhe de dhólás.


An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’a bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.


Agus d’imthigheadar treasna na Pisidia agus thánadar go dtí Pamphilia,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí