Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 7:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí mʼamharc, a lucht déanta an oilc.’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus annsin admhóchaidh mé dóibh: Níor chuir mé aithne ariamh oraibh: Imthighigidh uaim, a lucht déanta na h-urchóide.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus annsin dearbhóchad‐sa dhóibh, Ní raibh aon aithne agam oraibh riamh: imthighidh uaim, a lucht déanta an uilc.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibh-se a dhéanann an t-olc!’

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t‑olc!’

Féach an chaibidil



Matha 7:23
11 Tagairtí Cros  

Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.


Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.


Agus dearfaidh sé libh: Ní fheadar cad as daoibh-se; imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.


Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé.