Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 6:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag guidhe díbh, ná déanaigidh mórán cainnte, mar ghní na págánaigh: óir síleann siad-san gur as méid a gcuid cainnte a éistfear leo.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh ag siollaireacht cainnte ar nós na bPágánach, gur dóigh leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le rádh aca.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd cheana ag déunamh urnuighe dháoibh, na bithi rochainnteach, mar na cineadhacha: óir saoílidh síad go neisdfidhthear riu anna a niomad bríathar.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n-éistfear leo.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.

Féach an chaibidil



Matha 6:7
11 Tagairtí Cros  

Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a phuibliocánach agat.


Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa.


Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.


Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé guidhe an trímhadh h-uair, ag rádh na cainte céadna.


Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir.


Ac nuair a chonnacadar gur bh’ Iúdach é chuireadar go léir aon liú amháin suas: is mór í Diána na n-Ephesiánach! agus do leanadar de’n liúgh ar feadh suas le dhá uair a’ chluig.