Matha 6:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh ag siollaireacht cainnte ar nós na bPágánach, gur dóigh leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le rádh aca. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 “Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Agus ag guidhe díbh, ná déanaigidh mórán cainnte, mar ghní na págánaigh: óir síleann siad-san gur as méid a gcuid cainnte a éistfear leo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Achd cheana ag déunamh urnuighe dháoibh, na bithi rochainnteach, mar na cineadhacha: óir saoílidh síad go neisdfidhthear riu anna a niomad bríathar. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n-éistfear leo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19817 “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo. Féach an chaibidil |