Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 6:31 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe?’ nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nóʼ ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Dá bhrígh sin, ná bíodh cúram oraibh, agus sibh ag rádh: Cad é íosas sinn, nó cad é ólfas sinn, nó cad é chuirfeas sinn orainn?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’

Féach an chaibidil



Matha 6:31
16 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh?


Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé.


D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach?


Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde?


Agus d’fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a’d chur thré chéile agus ag cur buartha ort,


Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh.


Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh.


Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh’íosfaidh sibh ná a dh’ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh.