Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo.
Matha 5:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus muna mbeannuighidh sibh acht amháin do bhur mbráithre, cad é bhíos dá dhéanamh thar an choitcheann agaibh? Nach ndéan na págánaigh féin sin? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin créud do níthi do bhárr air chách? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudna? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? An Bíobla Naofa 1981 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? |
Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo.
Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.
Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?
Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais fíor-mhaith.
Má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhóibh.