Matha 3:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bhí culaith de fhionnadh camall ar Eoin é féin, agus crios leathair fá n-a choim; agus ba lócuistí agus mil fhiadhain a bhiadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a sí culuígh do bhí uime Eóin éadach do rúaidhneach chámhall, agus crios leathair a ttimcheall a leasruigh: agus a sé do budh bíadh dhó lócuiste agus mil fhiáin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. An Bíobla Naofa 1981 Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. |
Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín.
Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair an a chom, agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.
Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.