Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túirling air.
Matha 3:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an uisge láithreach; agus féach, do h-osgaladh na flathais dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht colúir agus ag túirliocan air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus bʼshiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a bhí Íosa baistthe tháinic sé aníos láithreach as an uisce, agus féach, foscladh na flaithis dó, agus chonnaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas i riocht colmáin, agus ag tuirling air. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar mbeith d’Íosa baistthe, do chuaidh sé suas as an uisce ar an láthair: agus, féach, do foscladh na flaithis dó, agus do chonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i riocht cuilm, agus ag teacht anuas air: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar mbeith ar na bhaisdeagh Díosa, do chúaidh sé air ball súas as a nuisge: agus, féuch, do hósgladh neamh dhó, agus do chunnairc sé Spiorad Dé ag tuirrling a gcosamhlach choluim, agus ag teachd airsion: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. An Bíobla Naofa 1981 An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. |
Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túirling air.
Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.
Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh.
Ag tusnú ó’n mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith i n’fínné ar a aiseirighe i n-aonfheacht linne.
Ansan do chuireadar liú árd asta agus do chuireadar a lámha ar a gcluasaibh agus do rithadar i n-aonfheacht chuige,