Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Acht d’fhreagair Íosa é agus dubhairt leis: Ceaduigh é an uair seo: óir is mar seo is cuibhe dúinn gach dá bhfuil cóir a chóimhlíonadh. Annsin ghéill sé dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do fhreagair Iósa é agus a dubhairt se ris. Léig dhó a nóis: óir is mar so íomchubhaigh dhúinn gach uile cheart do choimhlíonadh. Do fhulaing sé dhó an tansin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:15
13 Tagairtí Cros  

Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa?


Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.


Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar tá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfad sibh-se mar an gcéadna.


Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh.


Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.


Agus an t-é a chuir uaidh mé tá sé am’ fhochair agus níor fhág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcómhnuighe na neithe a thaithneann leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí