Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Acht d’fhreagair Íosa é agus dubhairt leis: Ceaduigh é an uair seo: óir is mar seo is cuibhe dúinn gach dá bhfuil cóir a chóimhlíonadh. Annsin ghéill sé dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do fhreagair Iósa é agus a dubhairt se ris. Léig dhó a nóis: óir is mar so íomchubhaigh dhúinn gach uile cheart do choimhlíonadh. Do fhulaing sé dhó an tansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:15
13 Tagairtí Cros  

Acht d’iarr Eoin cosc do chur leis, g‐á rádh, Is damh‐sa ba cheart baisteadh d’fhagháil uait‐se, agus is ag teacht chugam‐sa atáir.


Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna.


Óir atá eisiompláir tabhartha agam daoibh, go ndéanfadh sibh‐se fá mar tá déanta agam‐sa dhaoibh.


Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh.


Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.


Agus an té do chuir uaidh mé atá sé im’ fhochair; níor fhág sé im’ aonar mé; óir do‐ghním i gcómhnaidhe na neithe thaithnigheas leis.


Óir is é a theastuigh uainn a leithéid d’árd‐shagart atá naomhtha, gan cionnta, gan smál, d’á dhealú ó pheacachaibh,


an té adeir go gcómhnuigheann sé ann, atá sé de dhualgas air siubhal do réir mar shiubhail seisean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí