Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa?
Matha 3:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht d’fhreagair Íosa é agus dubhairt leis: Ceaduigh é an uair seo: óir is mar seo is cuibhe dúinn gach dá bhfuil cóir a chóimhlíonadh. Annsin ghéill sé dó. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhreagair Iósa é agus a dubhairt se ris. Léig dhó a nóis: óir is mar so íomchubhaigh dhúinn gach uile cheart do choimhlíonadh. Do fhulaing sé dhó an tansin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin. |
Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa?
Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.
Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar tá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfad sibh-se mar an gcéadna.
Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh.
Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.
Agus an t-é a chuir uaidh mé tá sé am’ fhochair agus níor fhág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcómhnuighe na neithe a thaithneann leis.