Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 27:51 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus féach, do stracadh ’n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus bʼshiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus féach, réabadh brat an teampaill ina dhá chuid ó bhárr go bun, agus chraith an talamh, agus scoilteadh na carraigeacha,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus féach, do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun; agus do luasc an talamh; agus do scoilt na carraigeacha;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus, féuch, do réub brat roinnte an teampoíll na dhá chuid ó úachdar go hióchdar; agus do criothnuigh an talamh agus do sgoilteadar na cairgeach;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus réabadh brat an Teampaill ina dhá chuid ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

Féach an chaibidil



Matha 27:51
26 Tagairtí Cros  

An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch agus shuidh sé uirthi;


Agus do stracadh brat an teampail ’n-a dhá chuid ó bharr go bun.


Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do stracadh brat an teampail tré n-a lár.


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras.