Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:50 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Agus d’éighimh Íosa airís do ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus dʼfhág an anáil é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Agus ar ghlaodhach amach do Íosa arís de ghuth árd, thug sé suas, a spiorad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Agus d’éighimh Íosa arís de ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Agus ar néigheamh a rís Díosa, do ghuth mhór, do chúaidh a spiorad as.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:50
14 Tagairtí Cros  

Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.


Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias ’ghá shaoradh.


Agus do ghlaoidh Íosa do ghuth árd, agus d’éag sé.


Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad’ lámhaibh. Agus ag rád na bhfocal san dó, d’éag sé.


Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta a anam ar son a chaorach.


Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach.


Agus bhí árthach ann agus é lán d’fhínéigir. Chuireadar chun a bhéil spúins agus é lán d’fhínéigir agus iosóip tímpal air.


Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí