Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:54 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

54 I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán dʼómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

54 Agus nuair a chonnaic an ceanntúir, agus an méid a bhí leis ag coimhéad Íosa, an crathadh talaimh, agus na neithe a rinneadh, ghabh eagla iad, agus dubhairt: Go deimhin b’é seo Mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

54 Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

54 An taoiseach céid, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm thalún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

54 An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:54
22 Tagairtí Cros  

Ach níor labhair Íosa. Agus dubhairt an t-árdshagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá bheó go neósfá dhúinn an tu an Críost, Mac Dé. Dubhairt Íosa leis: Dubhraís é.


Ansan do shuidheadar ag faire air.


Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois.


Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé.


Agus féach, do stracadh ’n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha;


Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.


Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe,


Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí ’n-a seasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bhás agus an guth árd san aige d’á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob’ é Mac Dé an duine sin.


Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí-se gur mé.


D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin.


Ach bhí i gCaesaréa fear n-ar bh’ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáileach,


Nuair airigheadar an méid sin tháinig aithreachas ortha agus dubhradar le Peadar agus leis na h-aspoil eile: A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn?


Thóg sé sin leis saighdiúirí agus taoiseacha céad agus do rith sé chúcha síos. Nuair a chonnacadar an tribiún agus na saighdiúirí do stadadar de bheith ag bualadh Phóil.


Ghlaoidh Pól chuighe duine de sna taoiseachaibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h-innsint dó.


Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Ollmhuighidh dá chéad saighdiúir, agus deichniubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhad h-uair de’n oidhche, chun dul go Caesaréa;


Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Phól agus na príosúnaigh eile thabhairt ar láim do thaoiseach céad dár bh’ainim Iúlius, de bhuídhin Augustuis,


Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theastuigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaitheamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí