Óir, an áit ’n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.
Matha 26:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim se i gcómhnuighe agaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir bíonn na bochta agaibh i gcómhnaidhe, acht ní bhíonn mise agaibh i gcómhnaidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhéidhead‐sa i gcómhnaidhe i n‐bhúr bhfochair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír béid boich do ghnáth agaibh; achd ní bhía misi do ghnáth bhur bhfochair. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh, An Bíobla Naofa 1981 mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh, |
Óir, an áit ’n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.
Do thuig Íosa, ámhthach, agus dubhairt leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag iomaigh leis an mnaoi seo? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa.
Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.
Óir táid na boicht i nbhúr bhfochair agaibh i gcómhnuighe, agus féadfaidh sibh maith a déanamh dóibh nuair is áil libh; ach ní’limse i gcómhnuighe agaibh.
Bíd na boicht i gcómhnuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe.
A chlann ó, táim i nbhúr bhfocair tamall beag fós. Beidh sibh a’m lorg agus mar adubhart leis na Iúdaigh, An áit ’n-a bhfuilim ag dul ní féidir daoibh-se teacht ann; deirim libh-se anois é.
Tamall beag eile agus ní fheiceann an saoghal mé feasda; ach chíonn sibh-se mé: óir táim-se beó agus beidh sibh-se beó, leis.
Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánagh ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.
Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?
Agus nílim ar an saoghal feasda, agus táid siad so ar an saoghal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Athair naomhtha, comieád, at’ ainim féin, an mhuintir a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne.
An t-é ’nar dual na flathais ’ghá ghlacadh go dtí teacht na dtráth ’na gcurfar gach nídh ’n-a riocht féin airís, mar a labhair Dia tré bhéal a fháidh naomhtha ó thusach an tsaoghail.