Eoin 17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVII. Guidhe Chríost ar son a dheisgiobul. 1 Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d’Mhac ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit: 2 Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe. 3 Agus isí seo an bheatha shíoruidhe, go gcuirfidís aithne ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost a chuiris uait. 4 Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom le déanamh. 5 Agus soillsigh-se mise anois, a Athair, ad’ fhochair féin, leis an soillseacht a bhí agam ad’ fhochair sar a raibh an domhan ar bith. 6 Do nochtas t’ainim do sna daoine a thugais dom as an saoghal; ba leat-sa iad, agus thugais dómh-sa iad; agus tá do bhriathar coimeádta acu. 7 Tá fhios acu anois gurabh uait-se gach nídh d’á dtugais dómh-sa. 8 Óir, na bréithre a thugais dom, do thugas dóibh iad; agus do ghlacadar iad, agus is eól dóibh go fíor gur uait-se a thánag, agus do chreideadar gur tú a chuir uait mé. 9 Guidhim ortha; ní h-ar an saoghal a ghuidhim, ach ortha so a thugais-se dhom; mar is leat-sa iad. 10 Agus is liom-sa gach nídh is leat-sa, agus is leat-sa gach nídh is liom-sa; agus táim soillsighthe ionta. 11 Agus nílim ar an saoghal feasda, agus táid siad so ar an saoghal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Athair naomhtha, comieád, at’ ainim féin, an mhuintir a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. 12 An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde as aoinne acu ach ar mhac na h-íde, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir. 13 Ach anois táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint seo agam ’á rádh ar an saoghal, ionus go mbeadh acu, iomlán ionta féin, an t-áthas is liom-sa. 14 Thugas-sa dhóibh do bhriathar-sa; agus do thug an saoghal fuath dhóibh, óir ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise. 15 Nílim ’ghá iarraidh go dtógfá as an saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó’n olc iad. 16 Ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise. Dein iad do naomhú sa bhfírinne. 17 Is fírinne do bhriathar. 18 Fé mar a chuiris-se uait mise isteach sa tsaoghal, do chuireas-sa uaim iad so isteach sa tsaoghal. 19 Agus naomhuighim-se mé féin ar a son, ionus go mbeidís sin, leis, naomhtha sa bhfírinne. 20 Ní h-ar a son amháin, ámhthach, atáim ag guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tré n-a mbriathar; 21 Ionus go mb’ aon iad go léir, fé mar ataoí-se, a Athair, ionam-sa agus mise ionat-sa; go mbeidís seo ’n-a n-aon ionainn; i dtreó go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris-se uait mé. 22 Agus an soillsiú a thugais-se orm-sa, do thugas-sa ortha so é, ionus go mb’ aon iad, fé mar is aon sinne. 23 Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go mbeidís beachtuighthe i n-aon; agus go n-aithneóchadh an saoghal gur chuiris-se uait mé, agus gur thugais grádh dhóibh seo fé mar a thugais grádh dhóm-sa. 24 A Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an áit i n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an glóire a thugais-se dhom, mas gur thugais grádh dhom roimh cruithniú an domhain. 25 A Athair atá ró-cheart, ní raibh aithne ag an saoghal ort; ach bhí aithne agam-sa ort; agus bhí fhios acu so gur chuiris-se uait mise. 26 Agus do thugas-sa dhóibh, agus tabharfad, eólus ar t’ainim; ionus, an grádh a thugais-se dhómh-sa, go mbeadh sé ionta so, agus mise ionta. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society