Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta.
Matha 17:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, chonnacthas dóibh Maoise agus Elías agus iad ag cainnt leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, do taidhbhrigheadh dhóibh Maois agus Élias, agus iad ag cainnt leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, do taidhbhrigheadh dhóibh Máoise, agus Elías, a ccomhrádh ris. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. An Bíobla Naofa 1981 Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. |
Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta.
Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias.
Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Mháighistir is maith an bhail orainne bheith anso; agus leis dúinn trí puible dhéanamh anso, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias.
Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.
An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.
Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.
Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.
Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh.
Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost.