Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.
Matha 17:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin tháinic na deisciobail chuig Íosa i ngan fhios, agus dubhairt: Cad chuige nach dtáinic linne é theilgean amach? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do smachtuigh Íosa an deamhan; agus d’imthigh sé as: agus do bhí an buachaill slán ó’n uair sin amach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do spreag Iósa an deamhan; agus do imthigh sé as: agus do bhí an leanabh slán ó núairsin a mach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t-ógánach leigheasta ón noiméad sin. An Bíobla Naofa 1981 Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t‑ógánach leigheasta ón noiméad sin. |
Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.
Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach.
Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh.
D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.
Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d’á raibh ortha, agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d’aithnígheadar é.
Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.
Óir bhí sé ’ghá órdú do’n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé’n bhfásach é.
Bhí sí ’ghá dhéanamh san ar feadh mórán laethanta. Do ghoill san an Phól agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n-ainim Íosa Críost, imtheacht amach aisti. Agus d’imthigh, an uair chéadna.