Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t‑ógánach leigheasta ón noiméad sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Annsin tháinic na deisciobail chuig Íosa i ngan fhios, agus dubhairt: Cad chuige nach dtáinic linne é theilgean amach?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do smachtuigh Íosa an deamhan; agus d’imthigh sé as: agus do bhí an buachaill slán ó’n uair sin amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus do spreag Iósa an deamhan; agus do imthigh sé as: agus do bhí an leanabh slán ó núairsin a mach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t-ógánach leigheasta ón noiméad sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:18
15 Tagairtí Cros  

Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc.


Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.


D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”


Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é chaitheamh amach?”


Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.


agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.


óir bhí sé á rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.”


Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.


Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.


Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.


Bhíodh sí á dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus d'imigh sé aisti an nóiméad sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí