Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 17:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus dʼfhreagair Íosa, “A ghlúin chlaon an díchreidimh, cá fhad a bheidh mé agaibh? Cá fhad a chuirfidh mé suas libh? Tabhair anseo chugam é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus bhagair Íosa air; agus d’imthigh an deamhan amach as: agus bhí an páiste leigheasta ó’n uair sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, A shliocht dhíthchreidimh dho‐theagasctha, cá fhad bhéas mé eadraibh? cá fhad fhúlaingeochas mé sibh? tabhraidh chugam‐sa annso é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé, A chineadh dótheaguisg gan chreideamh, gá fad fós bhías mé bhur bhfochair? gá fad fos fhuiléongas mé sibh? tabhruidh chugamsa ann so é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Dʼfhreagair Íosa agus dúirt: “Ó, a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 17:17
25 Tagairtí Cros  

Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’


Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?


“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan?


Chuir an Tiarna isteach iontu meadhrán agus mearbhall intinne. Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí, mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.


Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?


Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?


“An fada a bheidh an mhuintir chlaon seo ag monabhar i m'aghaidh? Chuala mé na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i m'aghaidh.


Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh.


Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh?


agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é leigheas.”


Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t‑ógánach leigheasta ón noiméad sin.


Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh?


Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.


Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.


Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”


Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!


D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”


Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”


agus [sholáthraigh] sé dóibh ar feadh daichead bliain san fhásach.


Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”


Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaimse. Déanaigí sin, más ea.


Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim; ál fealltach cam iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí