Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 16:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba léir sin dʼÍosa, agus dúirt sé, “A dhaoine úd an chreidimh bhig, cad chuige daoibh bheith á chíoradh mar sin bhur mbeith gan arán?

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus dubhairt: A lucht an chreidhim bhig, cad chuige a bhfuil sibh ag machtnamh i bhur n-aigne, mar nach bhfuil arán agaibh?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus adubhairt sé, A dhaoine an lag‐chreidimh, cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh machtnaimh eadraibh féin, toisc gan aon arán bheith agaibh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar an thuigsin sin Diósa, a dubhairt sé ríu, O luchd an chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gur ab ar son nach dtugabhair arán libh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh?

Féach an chaibidil



Matha 16:8
9 Tagairtí Cros  

Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort?


Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn.


Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.


Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís.