Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:31 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Shín Íosa a lámh amach ar an bpointe ag breith air, agus dúirt sé leis, “A fhir an chreidimh bhig, cad chuige duit bheith in amhras?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Agus ar shíneadh amach a láimhe ar an bhomaite do Íosa, rug sé greim air, agus dubhairt leis: A dhuine an chreidimh bhig, cad chuige ar ghabh amhras thú?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus ar an láthair do shín Íosa amach a lámh, agus rug sé air, agus adubhairt sé, A fhir an chreidimh bhig, cad chuige a raibh faitcheas ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus ar síneadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thú?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:31
23 Tagairtí Cros  

Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé.


Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth.


Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh?


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.


Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu.


Go deimhin a deirim libh, an t-é a déarfaidh leis an gcnoc so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná staonfaidh sé ’n-a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é dhó.


Ach imthighidh, agus innsidh d’a dheisgiobulaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh sibh sa n-áit sin é, mar adubhairt sé libh.


Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?


Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín.


Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad.


Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí