An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.
Matha 16:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar an té ar mhian leis a bheo a shábháil, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liom gheobhaidh sé é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil, caillfidh sé é: agus an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir, cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, saorfaidh sé é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. An Bíobla Naofa 1981 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. |
An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?
Óir, an t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam.
Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.
Ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. An t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a dh’fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so, coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe.