Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.
Matha 16:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas, agus cibé ní a cheanglaíos tú ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé ní a scaoileas tú ar talamh scaoilfear ar neamh é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríoghacht na bhflaitheas. Agus cibé nídh a cheanglóchas tú ar talamh, béidh sé ceangailte ar neamh: agus cibé nídh a scaoilfeas tú ar talamh, béidh sé scaoilte ar neamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐bhéarfad duit eochracha ríoghachta na bhflaitheas: agus cibé nidh cheanglóchas tú ar talamh, ceanglóchar é ar neamh: agus cibé nidh scaoilfeas tú ar talamh, scaoilfear é ar neamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhéara me dhuit eochracha na ríoghachda neamhdha: agus giodh bé ní cheingéolus tú ar talamh biáidh sé ceanguilte ar neamh: agus giodh bé ní sgáoilfeas tú ar talamh, biáidh sé sgáoilte ar neamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tabharfaidh mé duit eochracha Ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar Neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar Neamh.” An Bíobla Naofa 1981 Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.” |
Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.
Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh.
Do deineadh mórán aighnis. Ansan d’eirigh Peadar agus dubhairt sé leo: A fheara, a bhráithre, is eól daoibh conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as mo bhéal-sa do chloisfeadh na geinte briathar an tSoisgéil agus do ghlacfaidís an creideamh.