Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 16:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Thuig siad ansin nach raibh sé ag rá leo laibhín an aráin a sheachaint, ach teagasc na bhFairiséach agus na Sadúcéach a sheachaint.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Annsin thuig siad nár dhubhairt sé gurbh é deascaidh an aráin a bhí le seachnadh, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddhucach.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Do thuigeadar annsin nárbh é laibhín an aráin adubhairt sé leo a sheachaint, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ann sin do thuigiodar cionnas nach díarradh orra aire do thabhairt dóibh ar loibhín an aráin, achd ar theagasc na Bhphairisineach, agus na Saduichineach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.

Féach an chaibidil



Matha 16:12
7 Tagairtí Cros  

Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach?


Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?


Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Óir deir na Sadducínigh ná fuil aiseitrighe ann, ná aingeal, ná spioraid. Agus adamhuíghid na Fairisínigh gach nídh acu.