Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Matha 12:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar tá tiarnas os cionn na sabóide ag Mac an duine.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tá Mac an Duine ina thighearna fiú ar an tsabóid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Thighearna ar an tsabóid féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a sé Mac ann duine Tighearna na sabbóide féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid. An Bíobla Naofa 1981 Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid. |
Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.
Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.
Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin.