Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, Trócaire is áil liom, agus ní h-ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus dá mbeadh fhios agaibh cad a chiallaíos sé seo, ‘Trócaire is áil liom, agus ní iobairt,’ ní dhaorfadh sibh daoine atá neamhchiontach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus dá mbéadh a fhios agaibh cad é is ciall le seo: Ní íodhbairt acht trócaire is toil liom: ní dhaorfadh sibh na neamhchoirthigh a choidhche.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Acht dá mb’eol daoibh créad is bun dó so, Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt, ní dhaorfadh sibh daoine atá neamh‐chionntach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus da mbeith a fhios agaibh créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híodhbairt, ní dhaimnéochadh sibh na daóine neimhchiontacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Agus dá mbʼeol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Agus dá mb'eol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:7
14 Tagairtí Cros  

D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé.


Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.


Agus é ghrádhú ó chroidhe go h-iomlán, agus ó thuisgint go h-iomlán, agus ó anam go h-iomlán, agus ó neart go h-iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine féin. Is mó san ’ná gach ídhbirt agus ’ná gach ofráil.


Óir níor aithın muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómhlíonadar guthana na bhfáidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí