Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.
Matha 10:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ac téighidh fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach tugaigí tús áite do na caoirigh sheachráin is le teaghlach Iosrael. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ina ionad sin téighigidh chuig na caoirigh seachráin as tigh Israéil. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht téighidh fá dhéin na gcaorach fáin de theaghlach Israel thar chách. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd go madh táosga rachtháoi chum cáorach thighe Israel atá ar ndul a múgha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. An Bíobla Naofa 1981 ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. |
Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.
Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.
Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt an dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nác fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha shioruidhe dh’fhághail, táimídne, féac, ag iompáil chun na ngeinte.
Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.
Ach do chraobhsgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcrích Iúdaea ar fad, agus do sna Geintibh ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go n-iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na h-aithrighe d’oibreachaibh.
Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n-iompóchadh gach duine é féin ó n-a dhroch-bheartaibh.