Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Óir tháinic Mac an Duine a shábháil an nídh a bhí caillte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír táinic Mac an duine do shabháil an neither do chúaidh a mugha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 “Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 “Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:11
12 Tagairtí Cros  

Ac téighidh fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’.


Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó teaghlach Israéil.


Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú?


Ach d’airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite.


Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.


Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.


Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.


Ní chun anamnacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d’imthigheadar go baile eile.


Ní thagann an bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu, agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla.


Agus má airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an domhain do shaoradh.


Mar ní chun go dtabharfadh sé breith ar an saoghal a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saoghal, ach chun go ndéanfaí an saoghal do shaoradh tríd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí