Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus bígí ag fógairt sa siúl daoibh, ‘Tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus ar imtheacht díbh, déanaigidh seanmóireacht, agus abraigidh go bhfuil ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus ar nimtheachd dháoibh, déunidh seanmóir, ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe ribh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí dá fhógairt go bhfuil Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:7
19 Tagairtí Cros  

Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.


Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin.


Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se.


D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.


Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.


Agus chuadar amach agus d’fhógradar aithrighe dhéanamh.


An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.


Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite.


Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.


Agus dubhairt Íosa leis: leig do sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein rígheacht Dé d’fhógairt.


Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.


Asus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n-a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú.


Agus rígheacht Dé aige ’á chraobhsgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost le lánmhisneach agus gan chosg.


Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobhuil agus ag craobhsgaoile na h-aiseiríghe ó sna mairbh i n-Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí