Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga.
Lúcás 9:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar cad é an tairbhe do dhuine an domhan uile a ghnóthú má thagann caill air nó má chailleann sé é féin? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cad é is feárrde duine, má ghnóthuigheann sé an domhan uilig, agus é féin a chailleamhaint agus a aimhleas féin a dhéanamh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir caidé a thairbhe do dhuine an domhan mór do ghnóthú, agus a anam féin do chailleamhain nó do chur ar fán? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír créd a tharbha do dhuine, dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile, agus go gcaillfeadh sé, nó go léigfeadh sé a mugha é féin? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? An Bíobla Naofa 1981 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? |
Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga.
Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin?
Do fuair an fear san talamh le tuarasdal a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air ’n-a lár agus do thuit na h-inní go léir amach as.
Chun go nglacfadh sé an t-inead seirbhíse agus aspolachta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh sé i n’ áit féin.