Lúcás 8:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht an chuid a thuit ar an talamh mhaith, is iad sin na daoine a ghlacas an briathar le déagh-chroidhe iomlán, a chongbhuigheas é, agus a bheir toradh uatha fá fhoighid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a síad súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh. An Bíobla Naofa 1981 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh. |
Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.
Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.
An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.
Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus.
Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh.