Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhiseach slán.
Lúcás 7:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is duine mé féin a mbíonn cinn urra os mo chionn, agus a mbíonn saighdiúirí fúmsa; agus deirim le saighdiúir amháin, ‘Imigh,’ agus imíonn sé leis; agus deirim le saighdiúir eile, ‘Tar,’ agus tagann sé chugam; agus deirim le mo mhogha, ‘Déan seo,’ agus déanann sé amhlaidh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is duine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm, agus deirim leis an fhear seo: Imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: Déan seo, agus ghní sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is duine mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fá smacht agam: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír as duine misi féin atá faoi chumhachdiabh. Aga bhfuilid saighdíuirigh fum, agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighe sé; agus ré fear eíle, Tárr, agus thigh sé; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” An Bíobla Naofa 1981 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” |
Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhiseach slán.
Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.
Ghlaoidh Pól chuighe duine de sna taoiseachaibh céad agus dubhairt sé leis: Beir an buachaill seo ag triall ar an dtribiún; tá nídh aige le h-innsint dó.
Ansan do ghlaoidh sé chuige beirt taoiseach céad agus dubhairt sé leó: Ollmhuighidh dá chéad saighdiúir, agus deichniubhar a’s trí fichid marcach, agus dhá chéad lucht sleagh, ó’n dtrímhad h-uair de’n oidhche, chun dul go Caesaréa;
Agus do sgríbh sé litir agus dubhairt sé inti: “Claudius Lusias chun an ghobhernóra ró-uasail, Féilics, sláinte.
Ansan do thóg na saighdiúirí leó Pól, fé mar a h-órduígheadh dóibh, sa n-oidhche, go h-Antipatris,
Agus d’órduigh sé do’n taoiseach céad eisean do chimeád agus suaimhneas a thabhairt dó agus gan aoinne d’á muinntir a chosg ar fhrithálamh a déanamh air.
Ní’l aon níd cruinn agam, ámh, le sgrí ’n-a thaobh ag triall ar mo thighearna. Uime sin do thugas anso chúghaibh-se é, agus chúgat-sa go mór mór, a rí Agrippa, go gceisteóchadh sibh é agus go mbeadh rud agam a sgrífinn.