Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir is duine mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fá smacht agam: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Mar is duine mé féin a mbíonn cinn urra os mo chionn, agus a mbíonn saighdiúirí fúmsa; agus deirim le saighdiúir amháin, ‘Imigh,’ agus imíonn sé leis; agus deirim le saighdiúir eile, ‘Tar,’ agus tagann sé chugam; agus deirim le mo mhogha, ‘Déan seo,’ agus déanann sé amhlaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Óir is duine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm, agus deirim leis an fhear seo: Imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: Déan seo, agus ghní sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír as duine misi féin atá faoi chumhachdiabh. Aga bhfuilid saighdíuirigh fum, agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighe sé; agus ré fear eíle, Tárr, agus thigh sé;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:8
12 Tagairtí Cros  

agus uime sin níor mheasas go mb’ fhiú mé féin teacht id airchis: acht abair an focal amháin, agus leigheasfar mo ghiolla.


Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin.


Agus do ghlaodh Pól duine de na ceanntúiribh chuige, agus adubhairt sé, Beir leat an buachaill seo chum an árd‐chaiptín: óir atá nidh aige le n’innsin dó.


Agus do ghlaodh sé beirt cheanntúir chuige, agus adubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéad saighdiúir agus deichneabhar agus trí fichid marcach, agus dhá chéad fear sleagha, chum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oidhche:


Claudius Lusias chum an árd‐riaghlóra ró‐uasail, Féilics, beatha agus sláinte.


Uime sin, do thóg na saighdiúirí Pól, fá mar h‐órduigheadh dhóibh, agus thugadar san oidhche é go h‐Antipatris.


Agus d’órduigh sé do’n cheanntúir a choimhéad, agus roinnt saoirse do thabhairt dó: gan aon duine d’á cháirdibh do chosc ar shócamhal do dhéanamh dhó.


Ní fhuil aon nidh cruinn agam, ámh, le scríobhadh chum mo thighearna ’n‐a thaobh. Ar an adhbhar sin thugas annso chugaibh‐se é, agus chugat‐sa, go h‐áirithe, a rí Agrippa, le súil go mbéidh rud éigin agam le scríobhadh nuair cheisteochas tú é.


A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh do réir na feola, ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shásamh, acht le deagh‐thoil croidhe,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí