Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus uime sin níor mheasas go mb’ fhiú mé féin teacht id airchis: acht abair an focal amháin, agus leigheasfar mo ghiolla.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus sin é an fáth nach raibh sé de dhánaíocht agam teacht chugaibh. Ach ná déanaigí ach an focal a rá, agus leigheasfar mo sheirbhíseach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Ar an adhbhar sin níor mheas mé gurbh fhiú mé féin teacht chugat; acht abair an focal, agus béidh mo ghiolla slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhiseach slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:7
10 Tagairtí Cros  

Agus tháinig uathbhás ortha uile agus d’fhiafruigheadar díobh féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smacht go h‐ughdarásach ar na spioraidibh neamh‐ghlana féin, agus géilleann siad dó.


Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú.


Agus do‐chuaidh Íosa i n‐éinfheacht leo. Agus nuair nach raibh sé i bhfad ó’n tigh, do chuir an ceanntúir cáirde leis chuige, g‐á rádh leis, A Thighearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach fám’ dhíon:


Óir is duine mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fá smacht agam: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí