Gníomhartha 25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXV. Caesar dhá ghairm ag Pól. Is áil le h-Agrippa, an Rí, eirteacht leis. 1 Trí lá tar éis teacht d’ Fhéstus sa cheanntar chuaidh sé suas ó Chaesaréa go Ierúsalem. 2 Agus tháinig uachtaráin na sagart agus uaisle na nIúdach ag triall air i gcoinnibh Phóil agus bhíodar a d’iarraidh achainíghe air, 3 A d’iarraidh go mbead sé fábhramhail dóibh ’n-a choinnibh, go n-órdóchadh sé é thabhairt go Ierúsalem, agus bhí ceilg déanta acu chun go marbhóchaidís é ar an slige. 4 Ach dubhairt Féstus go gciméadfí Pól i gCaesaréa agus go mbeadh sé féin ag dul ann go luath. 5 Agus, ar seisean, na daoine ar bhúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n-aonfheacht liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n-a leith í. 6 Níor fhan sé ’n-a measg ach ocht lá nú deich lá ’n-a dhiaidh san, agus chuaidh sé síos go Caesaréa agus an lá n-a dhiaidh san do shuidh sé sa tribúnal agus d’órduigh sé Pól a thabhairt ’n-a láthair. 7 Do thugadh, agus do sheasaimh ’n-a thimpal na daoine tháinig anuas o Ierúsalem, agus chuireadar a lán neithe troma’n-a leith, ach níor fhéadadar iad a dheimhniú, 8 Mar dhein Pól iad do fhreagairt: Ní’l coir déanta agam i n-aghaid dlighe na nIúdach, ná i n-aghaidh an teampuill, ná i n-aghaidh Chaesair. 9 Ba mhian le Féstus, ámh, comaoine chur ar na Iúdaígh agus dubhairt sé, ag freagairt Phóil: an maith leat dul suas go Ierúsalem agus go dtabharfí breith ort ansan am láthair-se, i dtaobh na neith seo? Annsan dubhairt Pól: Táim am sheasam ag tribiúnal Chaesair. 10 Is ann is ceart breith do bhreith orm. Ni’l coir déanta i n-aghaidh na nIúdach agam, mar is eól duit-se go dianmhaith. 11 Má tá coir déanta agam, ná aon nídh do thuillfeadh bhás, ní’l aon chur i gcoinnibh an bháis agam; ach mura bhfuil aon nídh amhlaidh, de sna neithibh seo atá acu á chur am leith. ní’l ar chumas aon duine me thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar. 12 Ansan do labhair Féstus leis an gcómhairle, agus d’fhreagair sé: Do ghairmis Caesar; go Caesar a raghair. 13 Agus nuair a bhí rainnt laethanta curtha dhíobh acu chuaidh Agrippa, an rí, agus Bernícé, síos go Caesaréa, ag fáiltiú roimh Fhéstus. 14 Dheineadar righneas ann ar feadh mórán laethanta agus d’innis Féstus do’n rí i dtaobh Phóil: Fear, ar seisean, a dh’fhág Féilics anso ’n-a phriosúnach, 15 Agus nuair a bhíos i nIerúsalem tháinig uachtaráin agus seanóirí na nIúdach chúgham ghá iarraidh orm é dhaoradh chun báis. 16 Dubhart leó nách é béas na Rómhánach aon duine dhaoradh chun báis gan lucht a chionntuighthe thabhairt os a chómhair agus caoi thabhart dó ar é féin do chosaint agus ar é féin do ghlanadh ar na coirthe. 17 Ach do thánadar anso láithreach, agus amáireach a bhí chúghainn do shuídeas sa tribiúnal agus d’órduigheas an fear a thabhairt am láthair. 18 Ansan d’eirigh na cionntuightheóirí ach níor chuireadar aon rud ’n-a leith n-ar fhéadas aon droch-nídh dh’feisgint ann. 19 Ach bhí ceisteana éigin acu ’n-a choinnibh a bhain le pé deismireacht creidimh atá acu féin, agus i dtaobh Íosa éigin a fuair bás agus go raibh Pól ’ghá rádh é bheith bheó. 20 Níor mhaith liom féin aon bhaint a bheith agam le nídh de’n tsórd san agus d’fhiafraigheas de ar mhaith leis dul go Ierúsalem chun go dtabharfí breith air ins na neithibh sin. 21 Ach do dhein Pól gairm, go gcimeádfí é chun go n-aireó-chadh Augustus a chúis, agus d’orduígheas é chimeádh go gcuirfead ag triall ar Chaesar é. 22 Ansan dubhairt Agrippa le Féstus: Ba mhaith liom féin, leis, an fear san do chloisint. Cloisfir amáireach é, ar seisean. 23 Amáireach a bhí chúghainn tháinig Agrippa agus Bernicé agus leathadh mór futha, agus chuadar isteach sa halla éisteachta, iad féin agus na tribiúin agus maithe móra na catharach, agus d’órduigh Féstus Pól a thabhairt ’n-a lathair. 24 Ansan dubhairt Festus: Á rí Agrippa agus a fheara uile atá againn anso, chíonn sibh an duine sin. Nuair a bhíos i nIerúsalem thainig an pobul Iúdach go léir chúgham ’ghá iarraid orm agus ’ghá rádh i nguthanaibh árda nár cheart é bheith beó a thuille. 25 Ach níor fhéadar féin a d’fheisgint go raibh aon rud déanta aige do thuillfeadh bás. Ach do ghairm sé féin Augustus agus tá socair agam ar é do chur chuige. 26 Ní’l aon níd cruinn agam, ámh, le sgrí ’n-a thaobh ag triall ar mo thighearna. Uime sin do thugas anso chúghaibh-se é, agus chúgat-sa go mór mór, a rí Agrippa, go gceisteóchadh sibh é agus go mbeadh rud agam a sgrífinn. 27 Óir measaim gur obair mhíréasúnta cime chur uaim agus gan a dh’innsint cad ’tá ’n-a choinnibh. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society