Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt:
Lúcás 7:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig dʼEoin a mbaisteadh). Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht tharcuisnigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí cómhairle Dé ina n-aghaidh féin, óir níor ghlac siad-san a bhaisteadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.) An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd thugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar chomhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. An Bíobla Naofa 1981 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. |
Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt:
A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níos bh’áil leat!
Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.
Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad?