Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 23:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aimhleas, agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Thosaigh siad ansin ar a chúisiú, agus dúirt siad, “Fuaireamar an duine seo ag cur ár náisiúin bun os cionn, agus ag crosadh orainn cios a íoc le Caesar agus é á rá aige gur Críost agus gur rí é féin.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thoisigh siad a chur neithe ina leith, ag rádh: Fuaireamar é seo ag cur ár gcinidh ar a n-aimhleas, ag crosadh cáin a thabhairt do Chaesar, agus ag rádh gurab é féin Críost, an Rí.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Thosaigh siad dá chiontú dá rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Caesar, agus ag rá gurb é féin Críost Rí.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”

Féach an chaibidil



Lúcás 23:2
33 Tagairtí Cros  

Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia.


Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Tugaidh, d’á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.


Agus d’fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Deirir-se é.


Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith.


Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo.


Uime sin do chuaidh Pílát amach ag triall ortha, agus dubhairt sé: Cad ’tá agaibh ’á chur i leith an duine seo?


D’fhreagradar agus dubhradar leis: Mura mbeadh é seo bheith ’n-a chuirptheach ní thabharfaimís ag triall ort-sa é.


Agus as san amach bhí Pílát a d’iarraidh é leigint saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh Chaesair.


agus ni’l ar a gcumas a thaisbeáint duit-se gur fíor na neithe atá acu ’a chur am leith.


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an domhain agus ’n-a cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénach.