Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Thosaigh siad ansin ar a chúisiú, agus dúirt siad, “Fuaireamar an duine seo ag cur ár náisiúin bun os cionn, agus ag crosadh orainn cios a íoc le Caesar agus é á rá aige gur Críost agus gur rí é féin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus thoisigh siad a chur neithe ina leith, ag rádh: Fuaireamar é seo ag cur ár gcinidh ar a n-aimhleas, ag crosadh cáin a thabhairt do Chaesar, agus ag rádh gurab é féin Críost, an Rí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aimhleas, agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Thosaigh siad dá chiontú dá rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Caesar, agus ag rá gurb é féin Críost Rí.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:2
33 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Acháb Éilias, dúirt sé leis: “Ansin duit, a sciúirse Iosrael!”


Éiríonn finnéithe bréige i m'éadan do mo cheistiú ach mé aineolach.


Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine, sibh go léir d'fhonn a bhriste, mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é, nó fál ar tí titim?


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”


Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d'aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”


“Céasar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”


Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”


Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.


D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Tá sé ráite agat.”


agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.


Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”


Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?”


D'fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.”


Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”


Ná níl aon chruthú acu duit ar na cionta atá siad a chur i mo leith.


Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.


Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí