Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Is fíos go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar imíonn Mac an duine mar a cinneadh dó; ach is mairg don duine sin a dhéanfas a bhrath!”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus téigheann Mac an Duine go deimhin dho réir mar a cinneadh dó; cidheadh, is mairg do’n duine sin le n-a mbraithfear é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir atá Mac an Duine ag imtheacht go cinnte, fá mar atá órduighthe: acht is mairg do’n duine sin tré n‐a mbraithtear é!

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus imthigidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é!

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.”

Féach an chaibidil



Lúcás 22:22
26 Tagairtí Cros  

Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.


Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid.


Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is ró-mhairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt suas. B’fhearra dho’n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal.


Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé’cu dhíobh a bhí chun san do dhéanamh.


Agus dubhairt leó: Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá,


An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde as aoinne acu ach ar mhac na h-íde, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir.


Agus d’órduigh sé dhúinn craobhsgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiaidhnaise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n-a bhreitheamh ar bheoibh agus ar mharbhaibh.


Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun bhreitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.


Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.