Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! Bʼfhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Go dheimhin téid Mac an Duine do réir mar atá scríobhtha fá dtaoibh de: acht is mairg do’n té sin le n-a mbraithfear Mac an Duine: ba mhaith do’n fhear sin dá mbéadh sé gan a theacht ar an tsaoghal ariamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Go deimhin a tá Mac an duine ag imtheachd do réir mar sgríobhthar air, achd is anáoibhinn don té lé mbraithtear Mac an duine! do budh maith dó nach béartháoi é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. Bʼfhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:24
34 Tagairtí Cros  

Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an sgannal d’á dhruím.


Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: Buailfad an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada.


Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo.


Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is ró-mhairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt suas. B’fhearra dho’n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal.


Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh.


Is fíos go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é.


Agus dubhairt leó: Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá,


An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde as aoinne acu ach ar mhac na h-íde, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir.


Agus dubhradar le n-a céile: Ná stracaimís í, ach cuirimís ar chrannaibh cé aige go mbeidh sí; go gcómhlíonfaí an scriptiúir adeir: Do rainneadar eatartha mo chuid éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chúmhdach. Agus do dhein na saighdiúirí na neithe sin.


I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm.


Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.


Ansan do cheapadar lá dhó, agus tháinig a lán acu go dtí an lóisdín chuige, agus do mhínigh sé dhóibh rígheacht Dé agus thug sé fiadhnuise dhóibh air. Agus bhí sé ó’n maidin go dtí an tráthnóna ag cur ’n-a luighe ortha i dtaobh Íosa, a’ dlighe Mhaoise agus as na fáidhibh.


Agus dheineadar an nídh a cinneadh ó d’láimh agus ó d’chómhairle féin a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí