Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Lúcás 20:46 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhaghail ins na sinagógaibh, agus ua h-ineada uachtaracha ag ua féastaíbh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Bígí ar bhur bhfaichill roimh na scríobhaithe, an dream a dtaitníonn sé leo bheith ag siúl thart in éadaí fada, agus daoine ag beannú dóibh i sráid an mhargaidh, agus na suíocháin is fearr sa tsionagóg agus an áit is onóraí ar fhéasta, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Seachnaigidh na Scríobhaidhthe ar mian leo siubhal i n-éadaighe fada, agus ar maith leo fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus na cathaoireacha tosaigh ins na sineagóga, agus na chéad áiteacha ag na féastaí, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; An Bíobla Naofa 1981 “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; |
Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.
Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh.
Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.
Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidhchánaibh uachtaracha.
Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.