Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó.
Lúcás 19:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leir an gceannaidheacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a dʼfhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, go dtáinic sé thar ais ar ghabháil a ríoghachta dó, agus d’órduigh sé na seirbhísigh, a dtug sé an t-airgead dóibh, a ghairm chuige, go mbéadh a fhios aige cá mhéad a ghnóthuigh gach aoinneach acu. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, dʼordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. An Bíobla Naofa 1981 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. |
Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó.
Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.
Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn.