Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire?
Lúcás 16:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “An té a bhíos iontaofa faoi bheagán, bíonn sé iontaofa freisin faoi mhórán; agus an té a bhíos mí-ionraic faoi bheagán bíonn sé mí-ionraic faoi mhórán freisin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An té a bhíos dílis san rud is lugha bíonn sé dílis fosta i rud níos mó, agus an té a bhíos mí-ionnraic san bheagán, bíonn sé mí-ionnraic fosta san mhórán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An té bhíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té bhíos mí‐dhílis sa rud beag, bíonn sé mí‐dhílis i mórán, chómh maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. An Bíobla Naofa 1981 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. |
Cé h-é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire?
Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna.
Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna.
Agus dubhairt sé leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh cómhacht agat ar deich mbailtibh.
Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann.
Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol,
Agus i ndiaidh an bhlúire aráin, chuaidh Sátan isteach ann. Agus dubhairt Íosa leis: An nídh atá agat ’á dhéanamh, dein gan mhoill é.