Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?
Lúcás 15:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht chuige ag éisteacht leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bhíodh na bailitheoirí cánacha agus na peacaigh uile ag teacht chuige le bheith ag éisteacht leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tharraing na puibliocánaigh agus na peacaigh ar Íosa, le h-éisteacht leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí na poibleacáin agus na peacaigh uile ag teacht chuige ag éisteacht leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tangadar na Puibliocáin uile agus na peacthaigh chuige déisdeachd ris: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun a bheith ag éisteacht leis. An Bíobla Naofa 1981 Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis. |
Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?
Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire.
Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puibliocánaigh an chaint sin d’admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin.