Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?
Lúcás 12:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil dʼarbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé: Seo an rud a dhéanfas mé: Leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé cinn níos mó, agus cruinneochaidh mé na tortha uilig a d’fhás damh agus mo mhaoin isteach ionnta, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Is é rud do‐ghéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil bhéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo chuid arbhair agus mo mhaoin go léir i dtaisce ionnta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé, Do dhéana mé so: leaghfaidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé sgionóil bhus mó ná íad; agus cruimnéochaidh mé mo thórtha nile agus mo mháoin ionnta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t‑arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; |
Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?
Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí.
Agus déarfaidh mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas.
Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?
Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam,
Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart;