Is mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feictear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha.
Lúcás 12:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Idir an dá am, nuair a bhí oiread mílte den slua cruinnithe go raibh siad i riocht satailte ar a chéile, thosaigh sé ar a rá lena dheisceabail ar dtús, “Seachnaígí laibhín na bhFairiséach, is é sin, seachnaígí a bhfimíneacht. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí sluaighte móra ina seasamh thart, san chruth go raibh siad ag saltairt ar a chéile, thoisigh sé a rádh le n-a dheisciobail: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach, ar bhréagchráibhtheacht é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fa a námsin, ar mbeith do phubal gan airmheadh ar na ccomhchruinniufgadh, ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile, do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús, Comhéaduigh sibh féin ar laibhin na Bhphairsineach, eadhon an fuarchrabhadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil–is é sin, ar bhréagchrábhadh–na bhFairisíneach. An Bíobla Naofa 1981 Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach. |
Is mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feictear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha.
A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann?
Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin ’n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit.
Ach sin mar ba mhó do leat an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh.
Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige,
Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe.