Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.
Lúcás 11:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a dheineann cionta i n-ár u-aghaidh; agus ná leig sin i gcathaíbh, ach saor sin ó olc. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus maith dúinn ár bpeacaidhe, mar a mhaithimíd-ne do gach aon ar a bhfuil fiacha againn, agus ná leig sinn i gcathughadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.” An Bíobla Naofa 1981 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.” |
Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.
Deinidh faire agus úrnuighthe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, ach tá an fheóil lag.
Agus dubhairt sé leó: Cé’cu agaibh-se go mbeadh duine muinteartha aige, agus a raghadh ag triall air i lár na h-oidhche, agus a déarfadh leis: A dhuine mhuinteartha, tabhair trí bulóga aráin ar iasacht dom,
Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem?
Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla? Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcathaíbh.
Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.
Nílim ’ghá iarraidh go dtógfá as an saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó’n olc iad.